Fáilte go
Dún na nGall

Cá bhfuil an cúrsa?

I nGort a’ Choirce, i  gceantar Chloich Cheann Fhaola atá Coláiste Bhrian Bóramha agus ba sa cheantar seo ag tús an chéid seo caite a bunaíodh an chéad choláiste Gaeilge i gCúige Uladh d’fhonn oiliúint a chur ar ábhair oidí. Is mian linn mar sin cúrsa a chur ar fáil a thabharfaidh spreagadh d’ábhair oide agus a chinnteoidh  go bhfaighidh siad áiméar ar an Ghaeilge a shealbhú i gceantar Gaeltachta.

Ár gcuid spriocanna

Ag deireadh an chúrsa tá muid cinnte: 

  • Go mbeidh tuiscint ag ár gcuid mac léinn ar cheartúsáid na Gaeilge.

  • Go mbeidh dearcadh dearfach acu i leith na teanga.

  • Go mbeidh siad muiníneach ag teagasc na Gaeilge sa tseomra ranga bunscoile.

  • Go mbeidh na scileanna cuí acu le hacmhainní Gaeilge a chruthú.

  • Go mbeidh tuiscint agus léargas acu ar shaibhreas oidhreachta na Gaeltachta lena n-áirítear, teanga, ceol, amhránaíocht, damhsa, béaloideas, drámaíocht, & scéalaíocht.

  • Go gcuirfidh siad snas agus craiceann ar a gcuid scileanna cumadóireachta.

  • Gur doimhne agus gur leitheadaí an t-eolas a bheidh acu ar shaíocht na Gaeltachta.

Ábhar na gceachtanna

I ranganna na maidine díreofar  ar cheartúsáid na Gaeilge agus ar scileanna teanga na mac léinn a fhorbairt. Beidh deiseanna ag mic léinn páirt ghníomhach a ghlacadh i gcomhráite ina  bpléitear réimse leathan topaicí agus tabharfaidh siad faoi thascanna a chuirfidh an dlaoi mhullaigh ar a gcuid Gaeilge.

Treisítear obair na maidine sna himeachtaí tráthnóna agus oíche mar a mbeidh deis ag mic léinn a bheith rannpháirteach in iliomad imeachtaí a thabharfaidh áiméar dóibh barr feabhais a chur ar a  gcuid Gaeilge labhartha i suímh neamhfhoirmeálta. Beidh siad in ann: 

  • Spórt a imirt.

  • Acmhainní a chruthú a chuideoidh leo sa tseomra ranga.

  • Ceol & Ámhránaíocht atá curtha in oiriúint do pháistí bunscoile a fhoghlaim.

  • Damhsaí Céilí & Damhsaí Seit atá curtha in oiriúint do pháistí bunscoile a fhoghlaim.

  • Éisteacht le haoichainteoirí  a osclóidh doras feasa á n-oidhreachta dóibh.


Amchlár an Lae

Bricfeasta: 9:00am

Ranganna Gaeilge

Ranganna cumarsáideacha a bhéas ann ina ndéantar forbairt ar scileanna teanga na mac léinn. Tá súil againn go bhfaighidh mic léinn smaointe agus eolas ar straitéisí múinte Gaeilge a chuideoidh leo ina seomraí ranga féin.

Am Dinnéir: 1:00pm - 3:00pm

Seisiún Tráthnóna

Caithfear an tráthnóna i mbun imeachtaí spraíúla éagsúla a chuireann béim ar úsáid na teanga, lasmuigh den tseomra ranga.

Tá muid ag súil go mbeidh na mic léinn in ann na scileanna a shealbhóidh siad le linn na seisiún seo a úsáid sa tseomra ranga amach anseo.

Am Tae: 3:00pm - 5:00pm

Imeachtaí Oíche

Bí páirteach in imeachtaí cultúrtha a spréagann cumarsáid trí Ghaeilge agus a thugann deis do mhic léinn a bheith ag comhoibriú le chéile agus ag baint sult as an teanga.

Eolas breise

Eolas faoi thaisteal

Ag taisteal ar bhus go Gort a’ Choirce

Is féidir taisteal ar bhus John McGinley (John McGinley Coaches), ó Bhaile Átha Cliath go Gort a’ Choirce. Tá stadanna bus i mBaile Átha Fhirdhia agus i Muineachán fósta. Féach ar shuíomh gréasáin McGinley’s Coaches mar a bhfaighidh tú gach eolas. Ní mór suíochán a chur in áirithe ré agus a rá go mbeidh mála mór leat.

Ag tuirlingt den bhus i nGort a’ Choirce:

Ionad Fágála: Os comhair Óstán Loch Altan

Ag taisteal i gcarr:

Má tá tú ag taisteal i gcarr buailfidh muid leat ag Halla na Paróiste (F92 PR86) idir 4pm - 6pm.

Ionad: Ranganna & Imeachtaí

An Luan - An Satharn

Bíonn ranganna maidine agus tráthnóna ar siúl i Halla na Paróiste, Gort a’ Choirce (F92 PR86)

Lóistín

Fanann mic léinn i dtithe atá aitheanta ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán. Déanfar gach dícheall cairde a chur le chéile. Ní mór ainmneacha do chairde a scríobh síos ar an fhoirm iarratais thíos.

Óstán Loch Altan

Ionad Pobail: Community Centre

Táillí

€800

Cludaíonn an costas seo múineadh, imeachtaí, achmhainní agus taisteal le linn na gcursaí. Ní chludaíonn sé taisteal lasmuigh d’imeachtaí na gcúrsaí.

Líon isteach an fhoirm thíos le do chuid sonraí pearsanta a roinnt linn.

Ceisteanna a chuirtear go minic

  • Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht d’ábhair oidí bunscoile an cúrsa seo. Ní mór do mhic léinn dhá chúrsa Gaeilge a dhéanamh sa Ghaeltacht mar chuid dá gclár staidéir.

    Má tá tuilleadh eolais faoi aon ghné den chúrsa de dhíth ort cuir ríomhphost chuig colaistebb@gmail.com.

An bhfuil ceist agat?